Andreas Vogel – File

Andreas Vogel

Rugadh agus tógadh Andreas i gcathair Bochum i gCeantar na Rúire sa Ghearmáin. Rinne sé staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil Bonn sa Ghearmáin. Sa bhliain 1996 tháinig sé chun cónaithe go Ceantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara. Is ansin freisin a d’iompaigh sé ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Foilsíodh a chéad dhán i nGaeilge sa bhliain 2001 in The Burning Bush. I bhfómhar na bliana 2025 bhog sé go Santiago de Compostela sa Spáinn, áit a chur sé tús leis an togra idirchultúrtha Compostela le Gaeilge.

Foilsíodh dánta leis in The Burning Bush, Foinse, Flosca Anthology, Landing Places, An Guth agus Aneas.

D’fhoilsigh Coiscéim ceithre leabhar filíochta dá chuid:

chomh gar ‘gus is féidir (nicht näher) [2009]

“Quite a beguiling debut by any standard.” (Liam Carson, Poetry Ireland Review); “Tá an dán ‘nicht Fisch nicht Fleisch’ le hAndreas Vogel ar cheann de na dánta Gaeilge is fearr a théann i ngleic le ceist na hinimirce agus an athchultúraithe.” (Máirín Nic Eoin, Comhar)

misneach/bacach [2018]

“Dán fealsúnta, dán fiáin, dán dúshlánach, dán é seo atá le léamh agus le hathléamh agus le léamh arís. Is beag gné den bheatha nach bhfuil faoi scrúdú ann, agus an t-iomlán i bhfriotal atá ealaíonta, spéisiúil, friotal a léimeann de gheit ón bpár.” (Brian Mac Néill, Feasta)

thángamar – chonaiceamar – cosamar [2020]

“Consisting mainly of micro-poems, many of which only have one or two lines. They nod to haiku and senryu, to zen koans, to philosophical aphorisms. There are Irish versions of fragments of the ancient Greek lyric poet Archilochos. The whole book is a playful little gem; it’s fun.” (Liam Carson, Poetry Ireland Review)

cuntas [2023]

“Tá an cnuasach seo tógtha ar dhúshraith thorthúil teanga. Tá sí chomh mór sin ar a thoil ag an bhfile – gach réim di – go bhfuil sé ar a chompord á síneadh amach, á lúbadh go cliste, á cur as a riocht (uaireanta ag bordáil ar bhealach greannmhar ar an áiféis), is ag spraoi léi go cruthaitheach… Tá láimhseáil na teanga an-oilte agus cumasach… Tá blas Cadhan-esque agus Titley-esque le cloisint ó ham go chéile, ach tá a ghlór soiléir féin ag an bhfile seo, glór a aithneofar mar ghlór dúchasach Gaelach.” (Máire Ní Annracháin, Moltóir an Oireachtais)