》Traballo na normalización lingüística tódolos días, mais ás veces fago cousas coa lingua que non son normáis e chámoos poesía.
》Bím ag obair chun an teanga a chur chun cinn, agus ina dhiaidh sin féin cuirim an teanga as riocht agus glaoim ‘dán’ air.
》Ich gebe mein Bestes, um Minderheitensprachen im Alltag zu fördern; und ich setze alles daran, aus Sprache Gedichte zu Tage zu fördern.
》Zajmuję się promocją języków mniejszościowych, a także próbuję swoich sił w poezji.

Andreas Vogel
Rugadh agus tógadh Andreas i gcathair Bochum i gCeantar na Rúire sa Ghearmáin. Is í canúint an cheantair sin a chéad theanga, agus is sa chanúint sin, chomh maith le Gearmáinis chaighdeánaithe (agus roinnt bheag Polainnise) a chum sé filíocht agus prós ar feadh cuid mhaith dá shaoil. Tá cuid den fhilíocht agus den phrós sin foilsithe faoi ainmneacha cleite éagsúla.
Rinne sé staidéar ar an nGaeilge in Ollscoil Bonn sa Ghearmáin. Sa bhliain 1996 tháinig sé chun cónaithe go Ceantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara. Is ansin freisin a d’iompaigh sé ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Foilsíodh a chéad dhán i nGaeilge sa bhliain 2001 in The Burning Bush. I bhfómhar na bliana 2025 bhog sé go Santiago de Compostela sa Spáinn, áit a chur sé tús leis an togra idirchultúrtha Compostela le Gaeilge.
Foilsíodh dánta leis in The Burning Bush, Foinse, Flosca Anthology, Landing Places, An Guth agus Aneas.
D’fhoilsigh Coiscéim ceithre leabhar filíochta dá chuid:
*
chomh gar ‘gus is féidir (nicht näher) [2009]
“Quite a beguiling debut by any standard.” (Liam Carson, Poetry Ireland Review); “Tá an dán ‘nicht Fisch nicht Fleisch’ le hAndreas Vogel ar cheann de na dánta Gaeilge is fearr a théann i ngleic le ceist na hinimirce agus an athchultúraithe.” (Máirín Nic Eoin, Comhar)
*
misneach/bacach [2018]
“Dán fealsúnta, dán fiáin, dán dúshlánach, dán é seo atá le léamh agus le hathléamh agus le léamh arís. Is beag gné den bheatha nach bhfuil faoi scrúdú ann, agus an t-iomlán i bhfriotal atá ealaíonta, spéisiúil, friotal a léimeann de gheit ón bpár.” (Brian Mac Néill, Feasta)
*
thángamar – chonaiceamar – cosamar [2020]
“Consisting mainly of micro-poems, many of which only have one or two lines. They nod to haiku and senryu, to zen koans, to philosophical aphorisms. There are Irish versions of fragments of the ancient Greek lyric poet Archilochos. The whole book is a playful little gem; it’s fun.” (Liam Carson, Poetry Ireland Review)
*
cuntas [2023]
“Tá an cnuasach seo tógtha ar dhúshraith thorthúil teanga. Tá sí chomh mór sin ar a thoil ag an bhfile – gach réim di – go bhfuil sé ar a chompord á síneadh amach, á lúbadh go cliste, á cur as a riocht (uaireanta ag bordáil ar bhealach greannmhar ar an áiféis), is ag spraoi léi go cruthaitheach… Tá láimhseáil na teanga an-oilte agus cumasach… Tá blas Cadhan-esque agus Titley-esque le cloisint ó ham go chéile, ach tá a ghlór soiléir féin ag an bhfile seo, glór a aithneofar mar ghlór dúchasach Gaelach.” (Máire Ní Annracháin, Moltóir an Oireachtais)
***
2005 • Chéad duais sa chomórtas Nuavéarsaíocht de chuid Cló-Iarchonnacht agus Foinse
2008 • An chéad agus an dara duais sa chomórtas Filíocht Ghaeilge de chuid Flosca ag an Féile Litríochta Idirnáisiúnta Cúirt. An dá dhán sin foilsithe sa Flosca Anthology 2008.
2009 • An cnuasach chomh gar ‘gus is féidir (nicht näher) foilsithe ag Coiscéim.
2009- 2011• Páirteach sa tionscnamh Eorpach LINA faoin gclár Grundtvig, ina déanadh iarracht traidisúin liteartha nach mbíonn eolas forleathan orthu taobh amuigh dá gcuid tíortha féin a chur ar ardán Eorpach. Scríobh mé an leabhráin A Poem, a Song and a Book from Ireland a d’fhoilsigh KoKoLeLe sa Ghearmáin.
2010 • An t-aon fhile Gaeilge sa duanaire Landing Places. Immigrant Poets in Ireland foilsithe ag Dedalus Press (Eag. Eva Bourke agus Borbála Faragó). • Eagarthóir ar Leabhar Inis Bearachain. Lámhscríbhinn Gaeltachta ón 19ú Aois foilsithe ag Muintearas.
2010- 2014• Filíocht Eorpach ó Ré an Bharóic – Bailiúchán agus anailís chomparáideach ar fhilíocht as Danmháirgis, Gearmáinis, Ollainis, Gaeilge, Gàidhlig, Albainis, Slováicis, Spáinnis agus Catalóinis.
2011 • Eagarthóir ar Stadhan, cnuasach filíochta le Seán Ó Coistealbha.
2012 • An chéad duais i rannóg na bhfoilseachán ag Gradam Oidhreachta Contae na Gaillimhe 2011 do Leabhar Inis Bearachain. • Ainmnithe ar an ngearrliosta do Ghradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide. • Comheagarthóir ar Í Há. Togra Scríbhneoireachta do dhaltaí faoi choimirce Mhuintearais foilsithe ag Muintearas.
2013- 2018• Ag tuairisciú mar Léitheoir le Saineolas do Literature Ireland ar aistriúcháin liteartha ar a rabhthas ag lorg deontas foilsitheoireachta ón eagraíocht sin.
2015- 2019• Ag eagrú oícheanta filíochta i dTeach Airneáin Leitir Mealláin.
2014 • Aistriúchán ar Oíche chiúin. Scéal Amhrán Mór na Nollaig, leabhar do pháistí le Werner Thuswaldner agus Robert Ingpen, foilsithe ag Futa Fata.
2017 • Aistriúchán (i bpáirt the Máire Zepf) ar Lindbergh. Scéal Luchóige a d’eitil, leabhar do pháistí le Torben Kuhlmann, foilsithe ag Futa Fata.
2018 • An sraithdhán misneach/bacach foilsithe ag Coiscéim. Léirmheasanna in Feasta, An Timire agus Poetry Ireland Review.
2018- 2020• Slí na bhFilí, togra ilmheáin, ag comóradh traidisiún na filíochta i gCeantar na nOileán agus ag cur naonúr filí agus a saothar i láthair tríd aip gréasáin a threoraíonn cuairteoirí chuig suíomhanna sa cheantar a bhaineann le cruthaíocht na bhfilí áitiúla.
2020 • An cnuasach thangamar – chonaiceamar – cosamar foilsithe ag Coiscéim. Gnéchlár ar Iris Aniar (Raidió na Gaeltachta). Léirmheasanna ar Tús Áite (Raidió na Gaeltachta) agus in Poetry Ireland Review.
2020- go dáta• Ag múineadh ranganna litríochta/léitheoireachta ar líne do bhaill an diaspóra go agus d’eachtrannaigh thar lear. Bíonn muid ag léamh agus ag plé dáta mórshaothair agus beagshaothair ó litríocht na Gaeilge, m.sh. Cré na Cille, An Béal Bocht, L’Attaque srl.
2021 • I mbun Seimineár na Féile: Dánta Deoraíochta. Amhráin agus Filíocht Eisimirce agus Inimirce ag an bhFéile Beag Filíochta i gCorca Dhuibhne. • Páirteach i Mórléamh Filíochta IMRAM.
2023 • An cnuasach cuntas foilsithe ag Coiscéim. • Gradam na féile Ainm Cleite, Féile na bhFilí agus Scríbhneoirí, Ceantar na nOileán.
2025 • Bunú an togra idirchultúrtha Compostela le Gaeilge.
